Téacs oifigiúil Gaeilge de réir Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (CLP).
| P101 | Más gá comhairle liachta, bíodh coimeádán nó lipéad an táirge ina aice láimhe. | |
| P102 | Coimeád as aimsiú leanaí. | |
| P103 | Léigh an lipéad roimh úsáid. | |
| P201 | Faigh treoracha speisialta roimh úsáid. | |
| P202 | Ná láimhsigh go dtí go léifear agus go dtuigfear gach ráiteas réamhchúraim sábháilteachta. | |
| P210 | Coimeád ó theas, dromchlaí te, splancacha, lasair gan chosaint agus foinsí eile adhainte. Ná caitear tobac. | |
| P211 | Ná spraeáil ar lasair gan chosaint ná ar fhoinse eile adhainte. | |
| P212 | Seachain téamh faoi shrian nó laghdú ar an oibreán dí-íograithe. | |
| P220 | Coimeád glan ar éadaí agus ar ábhair indóite eile. | |
| P221 | Déan gach réamhchúram chun meascadh le hábhair indóite a sheachaint… | |
| P222 | Ná ceadaigh teagmháil le haer. | |
| P223 | Ná bíodh aon teagmháil le huisce. | |
| P230 | Coimeád fliuchta le… | |
| P231 | Láimhsigh agus stóráil an t-ábhar faoi thriathghás/… | |
| P231+P232 | Láimhsigh agus stóráil an t-ábhar faoi thriathghás/…. Cosain ó thaise. | |
| P232 | Cosain ar thaise. | |
| P233 | Coimeád an coimeádán dúnta go docht. | |
| P234 | Coimeád sa phacáistiú bunaidh amháin. | |
| P235 | Coimeád fionnuar é | |
| P235+P410 | Coimeád fionnuar. Cosain ó sholas na gréine. | |
| P240 | Nasc an coimeádán agus an trealamh glactha leis an talamh. | |
| P241 | Bain úsáid as trealamh pléascdhíonach [leictreach/ aerála/soilsiúcháin/ …]. | |
| P242 | Bain úsáid as uirlisí neamhspréachta. | |
| P243 | Déan bearta in aghaidh díluchtú statach. | |
| P244 | Coinnigh comhlaí agus feistis saor ó ola agus ó ghréisc. | |
| P250 | Ná nocht do mheilt/do thurraing/do fhrithchuimilt/… . | |
| P251 | Ná toll agus ná dóigh, fiú tar éis úsáide. | |
| P260 | Ná hanálaigh deannach/múch/gás/ceo/gala/sprae. | |
| P261 | Seachain deannach/múch/gás/ceo/gala/sprae a análú. | |
| P262 | Ná lig sna súile, ar an gcraiceann, ná ar éadaí. | |
| P263 | Seachain teagmháil le linn toirchis agus fad agus atá an chíoch á tabhairt. | |
| P264 | Nigh … go lánchúramach tar éis láimhsithe. | |
| P270 | Ná hith, ná hól agus ná caitear tobac agus an táirge seo á úsáid. | |
| P271 | Úsáid amuigh faoin aer nó i limistéar dea-aerálaithe amháin. | |
| P272 | Níor chóir éadaí éillithe oibre a ligean amach as an láthair oibre. | |
| P273 | Ná scaoiltear amach sa chomhshaol. | |
| P280 | Caith lámhainní cosanta/éadaí cosanta/cosaint súile/cosaint aghaidhe. | |
| P282 | Caith lámhainní inslithe fuachta agus aghaidhsciath nó cosaint súile. | |
| P283 | Caith éadaí dódhíonacha nó lasairmhoillitheacha. | |
| P284 | [Mura leor an aeráil] caith cosaint riospráide. | |
| P285 | I gcás aerála uireasaigh caith cosaint riospráide. | |
| P301 | MÁ SHLOGTAR: | |
| P301+P310 | MÁ SHLOGTAR: Cuir glao láithreach ar IONAD NIMHE/ar dhoctúir/… | |
| P301+P312 | MÁ SHLOGTAR: Cuir glao ar IONAD NIMHE/dochtúir/ … má bhraitheann tú tinn. | |
| P301+P330+P331 | I gCÁS GO SLOGTAR: Sruthlaigh an béal. NÁ spreag urlacan. | |
| P302 | I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: | |
| P302+P334 | I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: Tum in uisce fionnuar nó cuir bréid fliuch air. | |
| P302+P350 | I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: Nigh go bog le neart gallúnaí agus uisce. | |
| P302+P352 | I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: Nigh le neart gallúnaí agus uisce é. | |
| P303 | I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN (nó le gruaig): | |
| P303+P361+P353 | I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN (nó le gruaig): Bain díot láithreach gach ball éadaigh atá éillithe. Sruthlaigh an craiceann le huisce [nó glac cithfholcadh]. | |
| P304 | MÁ IONANÁLAÍTEAR: | |
| P304+P340 | MÁ IONANÁILTEAR: Tabhair an duine amach faoin aer úr agus coinnigh é compordach. | |
| P304+P340+P310 | MÁ IONANÁILTEAR: Tabhair an duine amach faoin aer úr agus coinnigh é compordach. Cuir glao láithreach ar IONAD NIMHE/ar dhoctúir/… | |
| P304+P341 | I gCÁS IONANÁLAITHE: Má tá deacrachtaí análaithe ann, bog an t-íospartach go dtí an aer úr agus coinnigh ar a s(h)uaimhneas i suíomh a éascaíonn an anáil. | |
| P305 | I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: | |
| P305+P351+P338 | I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaigh go cúramach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Bain amach lionsaí tadhaill, más ann dóibh agus más féidir é a dhéanamh go héasca. Lean den sruthlú. | |
| P306 | I gCÁS TEAGMHÁLA LE hÉADAÍ: | |
| P306+P360 | I gCÁS TEAGMHÁLA LE hÉADAÍ: sruthlaítear éadaí éillithe agus an craiceann láithreach le neart uisce sula ndéantar na héadaí a bhaint den duine. | |
| P307 | I gCÁS nochta: | |
| P307+P311 | I gCÁS nochtadh: Glaoigh ar IONAD NIMHE/dochtúir/ … | |
| P308 | I gCÁS nochta nó má mheastar a bheith nochtaithe: | |
| P308+P311 | I gCÁS nochta nó má mheastar a bheith nochtaithe: Cuir glao ar IONAD NIMHE/ar dhoctúir/… | |
| P308+P313 | I gCÀS nochta nó má mheastar a bheith nochtaithe: Faigh comhairle/cúram liachta. | |
| P309 | I gCÁS nochta nó má bhraitear tinn: | |
| P309+P311 | I gCÁS nochtadh nó má bhraitheann tú tinn: Glaoigh ar IONAD NIMHE/dochtúir/ … | |
| P310 | Cuir glao láithreach ar IONAD NIMHE/ar dhoctúir/… | |
| P311 | Cuir glao ar IONAD NIMHE/ar dhoctúir/… | |
| P312 | Cuir glao ar IONAD NIMHE/dochtúir/ … má bhraitheann tú tinn. | |
| P313 | Faigh comhairle/cúram liachta. | |
| P314 | Faigh comhairle/cúram liachta má bhraitheann tú tinn. | |
| P315 | Faigh comhairle/cúram liachta láithreach. | |
| P320 | Tá sé práinneach go bhfaightear cóir leighis ar leith (féach … ar an lipéad seo). | |
| P321 | Cóir liachta ar leith (féach … ar an lipéad seo). | |
| P330 | Sruthlaítear an béal. | |
| P331 | NÁ spreagtar urlacan. | |
| P332 | I gcás greannú craicinn: | |
| P332+P313 | I gcás greannú craicinn: Faigh comhairle/cúram liachta. | |
| P333 | I gcás greannú nó grís craicinn: | |
| P333+P313 | Má tharlaíonn greannú nó gríos craicinn: Faigh comhairle/cúram liachta. | |
| P334 | Tum in uisce fionnuar [nó cuir bréid fliuch air]. | |
| P335 | Glan cáithníní scaoilte den chraiceann. | |
| P335+P334 | Scuab cáithníní scaoilte den chraiceann. Tum in uisce fionnuar/cuir bréid fliuch air. | |
| P336 | Leáigh codanna sioctha le huisce alabhog. Ná cuimil an réimse lena mbaineann. | |
| P336+P315 | Leáigh codanna sioctha le huisce alabhog. Ná cuimil an réimse lena mbaineann. Faigh comhairle/cúram liachta láithreach. | |
| P337 | Má mhaireann an greannú súile: | |
| P337+P313 | Má mhaireann an greannú súile: Faigh comhairle/cúram liachta. | |
| P338 | Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta é sin a dhéanamh. Lean den sruthlú. | |
| P340 | Tabhair an duine amach faoin aer úr agus coinnigh é i riocht ina bhféadfadh sé anáil a tharraingt go réidh. | |
| P341 | Más deacair don duine análú, tabhair amach faoin aer é agus coimeád socair é, i riocht ina bhféadfaidh sé aná ù elle peut confortablement respirer. | |
| P342 | I gcás siomptóm riospráide: | |
| P342+P311 | I gCÁS siomtóm riospráide: Cuir glao ar IONAD NIMHE/ar dhoctúir/… | |
| P350 | Nigh go bog le neart gallúnaí agus uisce. | |
| P351 | Sruthlaítear go faichilleach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. | |
| P352 | Nigh le neart uisce/… | |
| P353 | Sruthlaítear an craiceann le huisce [nó glac cithfholcadh]. | |
| P360 | Sruthlaítear éadaí éillithe agus an craiceann láithreach le neart uisce sula mbaineann an duine na héadaí de. | |
| P361 | Bain díot láithreach na héadaí éillithe go léir. | |
| P361+P364 | Bain díot láithreach na héadaí éillithe go léir agus nigh iad roimh iad a athúsáid. | |
| P362 | Bain díot aon éadaí éillithe. | |
| P362+P364 | Bain díot aon éadaí éillithe agus nigh iad roimh iad a athúsáid. | |
| P363 | Nigh éadaí éillithe sula ndéanfar iad a athúsáid. | |
| P364 | Agus nigh iad sula ndéanfar iad a athúsáid. | |
| P370 | I gcás dóiteáin: | |
| P370+P376 | I gcás dóiteáin: Cuir stop leis an sceitheadh má tá sé sábháilte é sin a dhéanamh. | |
| P370+P378 | I gcás dóiteáin: Úsáid … le haghaidh múchta. | |
| P370+P380 | I gcás dóiteáin: Aslonnaigh gach duine as an limistéar. | |
| P370+P380+P375 | I gcás dóiteáin: Aslonnaigh gach duine as an limistéar. Téigh i gcianghleic leis an dóiteán mar gheall ar an mbaol pléasctha. | |
| P371 | I gcás mórdhóiteáin agus má tá cainníochtaí móra i gceist: | |
| P371+P380+P375 | I gcás mórdhóiteáin agus mórchainníochtaí: Aslonnaigh gach duine as an limistéar. Téigh i gcianghleic leis an dóiteán mar gheall ar an mbaol pléasctha. | |
| P372 | Baol pléasctha. | |
| P373 | NÁ DÉAN an dóiteán a chomhrac má shroicheann sé pléascáin. | |
| P374 | Déan na gnáth-réamhchúraimí chun an dóiteán a chomhrac gan a bheith níos gaire dó ná mar atá réasúnta. | |
| P375 | Téigh i gcianghleic leis an dóiteán mar gheall ar an mbaol pléasctha. | |
| P376 | Cuir stop leis an sceitheadh má tá sé sábháilte é sin a dhéanamh. | |
| P377 | Tine gháis ag sceitheadh: Ná múch, mura i ndán agus gur féidir stop a chur leis an sceitheadh go sábháilte. | |
| P378 | Úsáid … le haghaidh múchta. | |
| P380 | I gcás dóiteáin: Baol pléasctha. Aslonnaigh gach duine as an limistéar. NÁ DÉAN an dóiteán a chomhrac má shroicheann sé pléascáin. | |
| P381 | I gcás sceite, díothaigh gach foinse adhainte. | |
| P390 | Ionsúigh doirteadh chun damáiste d'ábhar a chosc. | |
| P391 | Bailigh doirteadh. | |
| P401 | Stóráil i gcomhréir le… . | |
| P402 | Stóráil in áit thirim. | |
| P402+P404 | Stóráil in áit thirim. Stóráil i gcoimeádán iata. | |
| P403 | Stóráil in áit dhea-aeráilte. | |
| P403+P233 | Stóráil in áit dhea-aeráilte. Coimeád an coimeádán dúnta go docht. | |
| P403+P235 | Stóráil in áit dhea-aeráilte. Coimeád fionnuar. | |
| P404 | Stóráil i gcoimeádán iata. | |
| P405 | Stóráil faoi ghlas. | |
| P406 | Stóráil i gcoimeádán/ … frithchreimneach le líneáil fhrithchreimneach laistigh. | |
| P407 | Coimeád bearna aeir idir cruacha nó idir pailléid. | |
| P410 | Cosain ó sholas na gréine. | |
| P410+P403 | Cosain ó sholas na gréine. Stóráil in áit dhea- aeráilte. | |
| P410+P412 | Cosain ó sholas na gréine. Ná nocht do theocht níos airde ná 50 °C/122 °F. | |
| P411 | Stóráil ag teocht nach airde ná … °C/… °F. | |
| P411+P235 | Stóráil ag teocht nach airde ná … °C/… °F. Coimeád fionnuar. | |
| P412 | Ná nocht do theocht níos airde ná 50 °C/122 °F. | |
| P413 | Stóráil bulcmhaiseanna os cionn … kg/… lb ag teocht nach airde ná … °C/… °F. | |
| P420 | Stóráil as féin. | |
| P422 | Stóráil an t-ábhar faoi … | |
| P501 | Diúscair an t-ábhar/an coimeádán i … | |
| P502 | Téigh i dteagmháil leis an monaróir nó leis an soláthróir chun faisnéis a fháil faoi aisghabháil nó athchúrsáil. |
Create, update or translate one real safety data sheet in SDS Studio™ free of charge. Downloading the finished PDF costs €59 + VAT per SDS, no subscription.
Start your free project →No card needed · 28 languages · EU target-country rules